Treasure Hunt – Tóraíocht Taisce

Tá deireadh beagnach tagtha do Sheachtain na Gaeilge ach bhí ócáid speisialta againn roimh laethanta saoire na Cásca. Ar an gcúigiú lá déag de Mhárta rinne gach dalta sa chéad bhliain tóraíocht taisce as Gaeilge.

Bhí spraoi ag cách agus bhí sé go hiontach Gaeilge a chloisteáil ar fud na scoile. Bhí nodanna i bhfolach thart timpeall na scoile agus bhí ar an gcéad bhliain na leideanna a chur san ord ceart chun an suíomh deireanach agus na duaiseanna a aimsiú!

Bhí comórtas ollmhór idir na foirne agus bhí teannas mór millteanach le braistint san aer agus daoine ag rith timpeall ag iarraidh na leideanna a fháil. Bhí gach éinne tuirseach traochta tar éis na hócaide ach bhain cách taitneamh agus tairbhe as.

Comhghairdeas do na buaiteoirí agus do chuile dhuine a ghlac páirt sa chomórtas.

D’eagraigh Ms Ní Mhadáin agus Ms Ní Bhriain an tóraíocht taisce agus gabhaimid buíochas leo.