Turas Scoile an Cúigiú Blíain chuig Baíle Átha Cliath

 Scríofa ag Luke Ryan agus Conán O’Sullivan

misery-hill bankAn tseachtain seo caite, chuaigh an rang Béarla agus an rang Eacnamaíochta go dtí Baile Átha Cliath chun an dráma Big Maggie le John B.Keane a fheiceáil ag amharclann an Gaiety agus an banc nua Banc na hÉireann a fheiceáil i gCé na Canálach Móire.

 D’fhágamar an scoil ar a hocht a chlog agus tar éis cúpla uair shroicheamar an phríomhchathair. Bhí daoine ag codladh go sámh ar an turas toisc go raibh orainn éirí go moch.

 Ar a deich a chlog chuamar go dtí an banc nua (Banc na hÉireann) in aice le Amharclann Bord Gáis agus bhuaileamar leis an mbainsteoir agus d’fhoghlaíomar neart faoi fhiontraíocht, bhí sé an-shuimiúil. Bhí croissants saor in aisce ann freisin mar sin bhí áthas orainn 🙂

 Ina dhiaidh sin, chuamar go dtí Sráid Grafton chun lóin a cheannach.

Ba é Nando’s an suíomh is mó a bhí tóir air! Tar eis an lóin, chaitheamar cúpla nóiméad thart ar Shráid Grafton ag déanamh dreas siopadóireachta.

 Ar a dó a chlog, bailíomar le chéile lasmuigh den Gaiety. Thosaigh Big Maggie ar a leathuair tar éis a dó a chlog agus bhí an amharclann ag cur thar maoil le daoine. Bhí an amharclann agus an t-atmaisféar inti go hiontach agus bhaineamar taitneamh as an dráma Big Maggie. Bhí scoth na haisteoireachta ar thaispeántas. Chríochnaigh sé ar a cúig a chlog agus d’fhágamar Baile Átha Cliath ansin.

 Tá roinnt spraoi againn ar an mbus, bhí daoine ag canadh agus ag gáire. Chan duine amháin as Gaeilge fiú! Stop an bus ag an ionad seirbhísí Barack Obama agus cheannaigh gach duine a dhinnéar.

 Tháinig an bus ar ais chuig Glenstal ar a leathuair tar éis a hocht agus bhí gach duine tuirseach traochta ach thaitin an lá linn!

 Go raibh míle maith agat Ms. O’Brien agus Ms. O’Sullivan as an lá iontach

 Scríofa ag Luke Ryan agus Conán O’Sullivan